Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for political professionals · Saturday, April 20, 2024 · 705,182,732 Articles · 3+ Million Readers

Rabhadh Láidir tugtha arís ag an Aire Creed faoin Talamh a bheith á Dó go Mídhleathach

Tá rabhadh láidir tugtha arís ag Michael Creed T.D. an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, d'fheirmeoirí gan a bheith ag dó talún an t-am seo den bhliain agus go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ar íocaíochtaí feirme mar thoradh ar a leithéide a dhéanamh.

Dúirt an tAire arís, "Cé go bhfuil an chuid is mó de na cuairteanna chuig feirmeacha ar fionraí faoi láthair mar gheall ar ghéarchéim COVID19, tá mo Roinn ag leanúint de mhonatóireacht chúramach a dhéanamh ar íomhánna satailíte d'fhonn aon phaistí talún atá á ndó go mídhleathach a aithint. Déanfar scrúdú ar an talamh ina dhiaidh sin sa chás is gur gá sin. Beidh neamhaird iomlán déanta agat ar do phobal féin má lasann tú tinte mídhleathacha a d'fhéadfadh tuilleadh brú a chur ar acmhainní na seirbhísí éigeandála atá ag tabhairt tús áite cheana féin do chúram a thabhairt do dhaoine leochaileacha sa tsochaí ag an am áirithe seo."

Ní hamháin go bhfuil beatha daoine agus maoine daoine á gcur i mbaol chomh maith leis an damáiste nach féidir a thomhais a dhéantar den timpeallacht, d'fhéadadh do thalamh a dhó go mídhleathach do chuid íocaíochtaí féin a chur i gcontúirt agus d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar íocaíochtaí do chomharsan chomh maith ag an am géarchéime seo:

Má dhónn tú talamh idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa d'fhéadfaí tú a ionchúiseamh, fíneáil a chur ort nó téarma príosúin a ghearradh ort

  • Ní bheidh talamh dóite incháilithe d'íocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí ná scéimeanna eile limistéarbhunaithe;
  • Trí thalamh atá dóite go mídhleathach a chur san áireamh san iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2020, d'fhéadfadh íocaíocht laghdaithe agus pionóis a bheith mar thoradh air faoin scéim seo agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe, e.g. Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí;
  • Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh talamh do chomharsan a bheith neamh-incháilithe d’íocaíocht mar gheall ar thalamh a dhó go mídhleathach;
  • Nuair a aithnítear gur dódh tailte le linn an tséasúir choiscthe, d'fhéadfadh oifigigh na Roinne talamh dá leithéid a scrúdú in am trátha.

Dúirt an tAire. "Níor facthas riamh cheana na nithe atá ag tithe amach in Éirinn faoi láthair agus tá a fhios agam go mbeimid ábalta brath ar phobal na feirmeoireachta arís cuidiú leis an tír go léir agus an soláthar bia a choinneáil ag imeacht. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh mar sin nach mbeadh líon beag daoine ag gníomhú go místuama ná go neamhairdeallach trí thalamh a dhó go mídhleathach".

Nóta d'Eagarthóirí:

Leis na hAchtanna um Fhiadhúlra a dhéantar dó fásra a rialú. Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú le hAlt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) aon fhásra ar thalamh nach bhfuil saothraithe a dhó ón 1ú Márta go dtí 31ú Lúnasa in aon bhliain. Tá duine a mbéarfar air ag dó fásra laistigh den tréimhse choiscthe sin faoi réir ionchúiseamh ag an nGarda Síochána nó ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS). 

Ní mór d'iarratasóirí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe cloí le Traschomhlíonadh, ina n-áirítear ceanglais maidir le fásra a dhó agus an díobháil a dhéantar do thalamh ainmnithe mar gheall air. Féadtar pionós a ghearradh ar íocaíochtaí atá dlite faoi na scéimeanna seo nuair a aithnítear iarratasóir a bheith ag sárú na gceanglas seo mar thoradh ar scrúdú a bheith déanta nó Trasthuairisc a bheith faighte ón NPWS.

Meastar talamh a aithnítear a bheith dóite le linn an tséasúir choiscthe sonraithe a bheith neamh-incháilithe go huathoibríoch do na scéimeanna tacaíochta éagsúla.

Is féidir teacht ar rabhaidh agus comhairle maidir le dóiteáin ag: https://www.agriculture.gov.ie/forestservice/firemanagement/  agus https://www.teagasc.ie/crops/forestry/forest-fire-risk/

 

CRÍOCH

Date Released: 03 April 2020

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release